Throwback na Seachtaine le hAindriú de Paor – 31/01/18

Mann Buzzin

Is é Throwback na Seachtaine seo ná ‘Buzzin (Remix)’ le Mann agus 50 Cent!

Foilsíodh an t-amhrán seo den chéad uair sa bhliain 2010 agus ba é an chéad singil a d’fhoilsigh Mann óna albam ‘Mann’s World’.

Níor eirigh ró-iontach leis an amhrán anseo in Éirinn. Níor bhain sé ach uimhir 20 amach sna cairteacha ach d’éirigh leis uimhir 6 a bhaint amach sa Bhreatain! Shroich sé uimhir 61 san Billboard Hot 100.

Rinne Mann sampláil ar an amhrán ‘I Can’t Wait’ de chuid Nu Shooz ó 1986 agus é ag tabhairt faoin amhrán seo. Is féidir éisteacht leis an amhrán sin anseo.

Is féidir leatsa moltaí do Throwback na Seachtaine a chur chuig Aindriú ar Twitter ag @aindriudepaor!

Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo agus tá seinnliosta an chláir anseo!

Bíonn Aindriú de Paor le clos idir 9 agus 10 gach oíche Chéadaoin ar RTÉ Pulse

Leave a comment