Throwback na Seachtaine le hAindriú de Paor 24/01/18

Big Boi agus André 3000 ó Outkast Big Boi agus André 3000 ó Outkast

Is é Throwback na Seachtaine seo ná ‘Hey Ya!’ le Outkast!

Foilsíodh an t-amhrán seo den chéad uair sa bhliain 2003. Bhí ‘Hey Ya!’ mar cheann den chéad dá shingil a d’eisigh Outkast óna n-albam ‘Speakerboxxx/The Love Below‘. Chuir siad ‘The Way You Move‘ ar an margadh ag an am céanna leis.

D’éirigh le ‘Hey Ya!’ uimhir a dó a bhaint amach i gcairteacha na hÉireann agus d’éirigh leis dul chuig barr an Billboard Hot 100 agus chuig barr an ARIA Singles Chart.

In 2009, bhí sé ainmnithe mar an 20ú amhrán is mó a bhí ráth air ón mbliain 2000 sna Stáit Aontaithe.

Is féidir leatsa moltaí do Throwback na Seachtaine a chur chuig Aindriú ar Twitter ag @aindriudepaor!

Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo agus tá seinnliosta an chláir anseo!

Bíonn Aindriú de Paor le clos idir 9 agus 10 gach oíche Chéadaoin ar RTÉ Pulse

Leave a comment