Throwback na Seachtaine le hAindriú de Paor 17/01/18

The Animators The Animators

Is é Throwback na Seachtaine seo ná ‘Marvelous’ leis The Animators!

Ba ghrúpa Hip-Hap agus R&B iad The Animators déanta suas de Smokey J, RV, MathMan, Mango, Ricki Rawness, Classquatch agus Redbloc.

Cé nach bhfuil an grúpa le chéile a thuilleadh, tá a dtionchar fós le braith i saol an cheoil Hip-Hap in Éirinn. Tá beirt ón ngrúpa, Mango agus Mathman, tar éis coinneáil orthu leis an gceol agus bhí a gcéad EP acu i mbliana. Is féidir éisteacht leis anseo.

D’fhoilsigh The Animators an t-amhrán seo sa bhliain 2011 agus d’éirigh chomh maith leis go bhfuair siad deis dul agus an t-amhrán a chasadh ar The Saturday Night Show le Brendan O’Connor. Is féidir é sin a fheiceáil anseo.

Is féidir leatsa moltaí do Throwback na Seachtaine a chur chuig Aindriú ar Twitter ag @aindriudepaor!

Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo agus tá seinnliosta an chláir anseo!

Bíonn Aindriú de Paor le clos idir 9 agus 10 gach oíche Chéadaoin ar RTÉ Pulse

Leave a comment