EP Nua agus Gig Mhór Tebi Rex

Tebi Rex Tebi Rex

Tá Tebi Rex thar n-ais arís le ceol nua don bhliain nua.

Bhain Tebi Rex cáil náisiúnta amach lena n-amhráin ‘Icarus‘ agus ‘She Hated Love Songs II‘ (a rinne siad in éindí le ELKIN) anuraidh agus is cosúil go bhfuil siad ag iarradh tógáil ar sin lena EP nua, Welcome to the Year of Our Darkest Adventures.

Matt agus Dafe ó Tebi Rex

Matt agus Dafe ó Tebi Rex

Tá ceithre amhán ar an EP seo; Blue, Pink, Men Are Trash agus Ducks All The Way Down. Tá abhair thromchúiseacha idir láimhe sna hamhráin, féiniúlacht, deacrachtaí an tsaoil agus féinmharú ina measc.

Cé go bhfuil na hábhair atá faoi chaibidil acu trom, claíonn siad leis an stíl atá cruthaithe acu thar na blianta trí úsáid a bhaint as ceol fuinniúil agus spraoíúil.

Bhí Matt ó Tebi Rex ag caint le hAindriú de Paor faoin EP nua agus faoin seoladh a bheas acu don albam in The Workmans ar an 10ú lá Márta.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an seoladh a bheas ag Tebi Rex le fáil anseo.

Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo agus tá seinnliosta an chláir anseo!

Bíonn Aindriú de Paor le clos idir 9 agus 10 gach oíche Chéadaoin ar RTÉ Pulse

 

Leave a comment