Throwback na Seachtaine le hAindriú de Paor – 10/01/18

M.O.P. - Billy Danze agus Lil' Fame M.O.P. - Billy Danze agus Lil' Fame

Is é Throwback na Seachtaine seo ná ‘Cold As Ice’ le M.O.P.!

Foilsíodh an t-amhrán seo den chéad uair sa bhliain 2000. B’é ‘Cold As Ice’ an dara singil a d’eisigh siad óna n-albam ‘Warriorz’ i ndiaidh dóibh ‘Ante Up’ a chur ar an margadh.

Bhain M.O.P. úsáid as sampla den amhrán ‘Cold As Ice’ le Foreigner ó 1977 agus iad ag tabhairt faoin amhrán seo. Is féidir leat éisteacht le leagan Foreigner anseo.

D’éirigh leis an albam ‘Warriorz’ uimhir 25 a bhaint amach san Billboard 200 agus bhris ‘Cold As Ice’ isteach sa Top 10 agus shroich sé uimhir 4 sna cairteacha.

Is féidir leatsa moltaí do Throwback na Seachtaine a chur chuig Aindriú ar Twitter ag @aindriudepaor!

Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo agus tá seinnliosta an chláir anseo!

Bíonn Aindriú de Paor le clos idir 9 agus 10 gach oíche Chéadaoin ar RTÉ Pulse

Leave a comment