Throwback na Seachtaine le hAindriú de Paor – 03/01/18

David Guetta David Guetta

Is é Throwback na Seachtaine seo ná Titanium le David Guetta agus Sia!

Foilsíodh an t-amhrán seo den chéad uair in 2011. B’é an ceathrú singil ón albam ‘Nothing but the Beat’ le David Guetta agus bhain an t-amhrán uimhir 3 amach sna cairteacha in Éirinn i Mí Eanáir 2012.

Cé go ndearna Mary J. Blige leagan den amhrán, bheartaigh David Guetta dul le Sia mar amhránaí. D’éirigh le leagan Mary J. Blige a bhealach a dhéanamh ar líne agus is féidir leat éisteacht leis anseo.

Céard a cheapannn sibh? Ar roghnaigh David Guetta an t-amhránaí ceart nó an mbeadh an t-amhrán níos fearr fós le Mary J. Blige?

Is féidir leatsa moltaí do Throwback na Seachtaine a chur chuig Aindriú ar Twitter ag @aindriudepaor!

Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo agus tá seinnliosta an chláir anseo!

Bíonn Aindriú de Paor le clos idir 9 agus 10 gach oíche Chéadaoin ar RTÉ Pulse

Leave a comment